T: 091 505855

Fíbín Teo: eolas@fibin.com

Fíbín Media: eolas@fibinmedia.com

24

April

Eolas

Le linn na paindéime, d’athraigh muid ar fad uainn an gliondar a bhaineann le siamsaíocht bheo. Bhí áthas ar Fíbín i gcomhpháirtíocht leis an Taibhdhearc, siamsaíocht bheo a bhí sábháilte ó thaobh srianta COVID a chur ar fáil tré “Drive in Dráma” a chur ar siúl.  

  

Dráma é Fiach a thug an lucht féachana ar aistear grinn drámaíochta agus iontais. Faoi gheasa ag drámaíocht na scannánaíochta agus ag dlúthchaidreamh an dráma raidió, b’éacht é a d’inis scéal faoi Gharda reibiliúnach sa tóir ar mhaistín áitiúil agus leanann isteach sa Domhan Thíos é. 

  

Ba é Fiach an chéad dráma “drive in” as Gaeilge in Éirinn  agus dhíol sé amach deich seó i mí Lúnasa 2020. Ba mhaith le Fíbín aitheantas a thabhairt do thacaíocht leanúnach Ealaín naGaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon agus Fiach á stáitsiú.

Cliair

Aisteoirí:  

Fionnuala Flaherty – IFFL AWARD: BEST ACTRESS 

Dara Devaney – IFTA AWARD: BEST ACTOR 

 

Stiúrtha ag: Philip Doherty  

Scríofa ag: Philip Doherty

Faoi

During the Pandemic we all missed the exhilaration of live entertainment. Fíbín in association with An Taibhdhearc are delighted to provide live entertainment for our ever-growing audience, in a COVID safe, unique setting.

Fiach was a drama that took you on a joy-ride of comedy, drama and suspense. The magic of the silver screen and the intimacy of a radio play, Fiach told the story of a ‘A rebel Garda chases a local hoodlum into the Underworld’. Fiach is the first Irish language Drive-in Drama in Ireland and sold out ten shows in September 2020. Fíbín would like to acknowledge the continued support of Ealaín Na Gaeltachta, Foras Na Gaeilge and the Arts Council in funding the staging of Fiach.

Cast

Fionnuala Flaherty – IFFL AWARD: BEST ACTRESS 

Dara Devaney – IFTA AWARD: BEST ACTOR 

 

Directed by: Philip Doherty  

Written by: Philip Doherty

Aisteoir – Fionnuala Flaherty

Is as Inis Mór, i gCo. Na Gaillimhe do Fionnuala Flaherty agus Sa Tia  tá réimse leathan oibre déanta aici ar stáitse agus í le feiceáil ar an scáileán le blianta anuas chomh maith. Tá sí le feiceáil sna sraitheanna ‘Corp agus Anam’ agus ‘An Klondike’. Bhí sí ar stáitse san Abbey Theatre, sa dráma ‘Mise Micheál’ agus sa Taibhdhearc i nGaillimh, agus í ag déanamh páirt Shéamuis in ‘Iníon an Tincéara Buí’. Bhí príomhpháirt ag Fionnuala sa scannán ‘Out of Innocence’, a bunaíodh ar chás truamhéalach  

Sarah Flynn, i scannal na leanaí Ciarraíoch. As seo, bhuaigh Fionnuala gradam an aisteora tacíochta ón PIFF agus ón SIFF i 2016. I 2017, bhuaigh sí gradam  an phríomhaisteora ón IFFL i 2017 ar an léiriú cumhachtach a thug sí den mháthair óg tréigthe  sa scannán.

Aisteoir – Dara Devaney

Is as Muicineach idir Dhá Sháile i gCo. Na Gaillimhe, don aisteoir ildánach Dara Devaney atá cuid mhór gradaim agus ainmniúcháin bainte amach aige ar a chuid oibre. Chaith sé seal ag aisteoireacht sa sraith ‘An Klondike’, inar bhain sé gradam IFTA amach as páirt Shéamuis Connolly a dhéanamh. Níl aon dabht go ndearna sé éacht i mbliana, tar éis dó dhá ainmniúcháin a fháil ar ghearrliosta na ngradam IFTA don phríomhról sa scannán ‘Finky’ agus don ról tacaíochta sa scannán ‘Arracht’. Ar an iomlán, fuair an scannán Arracht aon ainmniúcháin déag ón IFTA i mbliana agus ní hé aon ábhar iontais é, mar thug Devaney taispeántas cumhachtach mar rógaire fiachmhar sa scannán. Chomh maith leis seo, bhí príomhról ag Devaney sa scannán ‘Float like a butterfly’, a bhí ainmnithe faoi dhó ag na gradaim IFTA i mbliana. Tá lúchair ar Fíbín go bhfuil Dara Devaney ag dul ar stáite arís sa dráma ‘Fiach’ le Philip Doherty. Tá an t-ádh orainn go mbeidh cliar den scoth againn chun draíocht na drámaíochta beo a chur ar stáitse daoibh arís.